Tá Sliabh Bladhma ar an raon sléibhte is sine san Eoraip; agus roinntear an teideal sin leis an Massif Central sa Fhrainc, agus cruthaíodh iad timpeall 400 milliún bliain ó shin. Bhí siad ar na cinn is airde tráth freisin ag 3700m cé nach fíor sin a thuilleadh mar go bhfuil Ard Éireann ar an bpointe is airde inniu ag 527m.
Tugtar Sliabh Bladhma orthu i nGaeilge, agus tá siad ainmnithe i ndiaidh laoch miotasach Chonnacht Bladhma a bhí ag lorg tearmann sna sléibhte tráth.
Cruthaíonn na sléibhte ina n-iomláine nasc idir contaetha Laoise agus Uíbh Fhailí, ag síneadh ón mbaile is gaire Ros Cré san iardheisceart go Ros Fhionnghlaise san iarthuaisceart. Bunaíodh í sa bhliain 1985 chun caomhnú an bhratphortaigh sléibhe a chinntiú, clúdaíonn an Anaclann Dúlra féin 2300 heicteár agus téann sí feadh an iomaire ailínithe san oirthuaisceart agus san iardheisceart ar feadh thart ar 25km.
As Sean-Ghaineamhchloch Rua atá na sléibhte déanta, agus iad suite ar shraith de charraigeacha Siolúracha. Mórthimpeall orthu tá an machaire réidh aolchloiche as a bhfuil formhór Lár-Réigiún na hÉireann déanta.